Course Overview

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar fad ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga, ar a n-áirítear cruinnscríobh na Gaeilge, modheolaíochtaí taighde agus an tsochtheangeolaíocht. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC)

Who Teaches this Course

Dorothy Ní Uigín PhD
Áine Nic Niallais PhD
Seathrún Ó Tuairisg PhD
Séamus Ó Coileáin MPhil
Niall Mac Uidhilin MSc
Belinda McHale MA
Lisa Ní Fhlatharta MA
Aodh Ó Coileáin LLM
Tomás Ó Maolalaidh MA
Eoin Ó Droighneáin MA

Requirements and Assessment

Ceadófar do mhic léinn a bhaineann pas amach sna modúil mhúinte tabhairt faoi thráchtas nó tionscadal taighde atá bainteach leis an réimse sainábhair a roghnaíonn siad.

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. 

Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).

Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.


Additional Requirements

Duration

Dhá bhliain (páirtaimseartha)

Next start date

Meán Fómhair 2018

A Level Grades ()

Average intake

20

Closing Date

Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí

NFQ level

Mode of study

Múinte

ECTS weighting

90

Award

CAO

Course code

GYA90 (páirtaimseartha)

Course Outline

Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; léargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime),  an Scríbhneoireacht Acadúil (mar a mbeidh deis agat iris acadúil phiarmheasúnaithe ar líne a ullmhú), mar aon le gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil – straitéisí agus uirlisí éagsúla a úsáidtear chun cáipéisí gairmiúla ar ardchaighdeán a chur i gcrích agus a chur i láthair. 
Lena chois sin, beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas: 

Aistriúchán: Sa sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Beidh béim ar theicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar do chumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus teicneolaíochta araon sealbhaithe acu.

Pleanáil Teanga: Sa sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.  

Scoláireacht Mhic Dhonncha (1953–2016)

Is le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge a cuireadh Scoláireacht Mhic Dhonncha ar bun sa bhliain 2017 i gcuimhne ar Joe MacDonncha (1953–2016), céimí de chuid na hOllscoile, a thug sársheirbhís do phobal na Gaeilge sna rólanna seo a leanas: 

  • Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael (1997–2000)
  • Cathaoirleach TG4 (2000–2004)
  • Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge (2002–2006)
  • Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe (2006–2013)
  • Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Sligeach agus Liatroim (2013–5)
  • Comhalta Boird, Foras na Gaeilge (2011–2015)
  • Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge (2015–6) 

Luach €6,015 a bheidh ar gach scoláireacht agus bronnfar dhá scoláireacht.

Coinníollacha

Beidh céimithe de chuid OÉ Gaillimh a bhain céad onóracha i scrúduithe na céime agus Léann an Aistriúcháin nó Gaeilge mar ábhair chéime acu i dteideal cur isteach ar an scoláireacht. 

Is ar bhonn iomaíoch a bhronnfar an scoláireacht ar mhac léinn máistreachta a bheidh ag gabháil den MA sa Léann Teanga i bhfianaise spéis Sheosaimh Mhic Dhonncha sa chruinneas teanga, san aistriúchán agus san fhoclóireacht go háirithe. 

Sa chás go mbeidh céimithe ar chómharcanna beifear i dtuilleamaí na marcanna ar mhodúil aistriúcháin agus/nó modúil teanga le hidirdhealú a dhéanamh ar iarrthóirí cáilithe. 

Má dhéantar an scoláireacht a bhronnadh ar mhac léinn páirtaimseartha, déanfar an scoláireacht a íoc ina dhá ghála bhliantúla de €3,008 in imeacht dhá sheisiún acadúla, faoi réir dhul chun cinn sásúil shealbhóir na scoláireachta. 

Beidh an sparánacht seo de bhreis ar aon deontas, scoláireacht nó eile a bheidh ag an té a roghnófar. 

Is é Stiúrthóir Cláir an MA sa Léann Teanga a bheidh freagrach as an scoláireacht a riaradh ó bhliain go bliain. 

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Ullmhóidh an cúrsa seo tú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an ábhair seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

 

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

Fees: Tuition

Fees: Student levy

Fees: Non EU

Postgraduate students in receipt of a SUSI grant—please note an F4 grant is where SUSI will pay €2,000 towards your tuition.  You will be liable for the remainder of the total fee.  An F5 grant is where SUSI will pay TUITION up to a maximum of €6,270.  SUSI will not cover the student levy of €224.

Postgraduate fee breakdown = tuition (EU or NON EU) + student levy as outlined above.

Find out More

Eoin Ó Droighneáin
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann Gaillimh
T: +353 91 869858
R: leannteanga@oegaillimh.ie
www.oegaillimh.ie/acadamh